Matha 9:14-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin, agus dúirt siad leis, “Cad chuige a mbíonn sinne agus na Fairiséigh ag déanamh troscaidh, ach ní dhéanann do dheisceabailse troscadh?”

15. Agus dúirt Íosa leo, “Conas a fhéadann lucht na bainise bheith brónach chomh fada agus a bhíonn an fear nuaphósta leo? Tiocfaidh na laethanta a n‑ardófar uathu an fear nuaphósta, agus déanfaidh siad troscadh ansin.

16. Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh.

17. Agus ní chuirtear nuafhíon amh i seanseithí; mar má dhéantar amhlaidh, pléascann na seithí, agus doirtear an fíon, agus scríostar na seithí; ach cuirtear fíon amh i seithí úrleathair, agus fanann ceachtar acu slán sábháilte.”

18. Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin leo, b'shiúd rialtóir ag teacht chuige a chuaigh ar a ghlúine roimhe, agus a dúirt, “Tá m'iníon go díreach i ndiaidh bás a fháil; ach tar agus leag do lámh uirthi, agus mairfidh sí.”

19. Agus d'éirigh Íosa gur lean sé féin agus a dheisceabail é.

20. Agus b'shiúd bean a mbíodh rith fola uirthi i rith dhá bhliain déag a tháinig aníos ar a chúl amach agus a leag méar ar fhrainse a fhallainge;

Matha 9