Matha 27:51-58 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

51. Agus b'shiúd brat an teampaill á réabadh ina dhá leath, ó bharr anuas go bun; agus bhí crith talaimh ann, agus scoilteadh na carraigeacha;

52. osclaíodh freisin na tuamaí agus tógadh mórán de choirp na naomh a bhí ina gcodladh,

53. agus tháinig siad amach as a dtuamaí i ndiaidh a aiséirithesean agus chuaigh siad isteach go dtí an chathair naofa agus taispeánadh do mhórán iad.

54. I dtaca leis an gceantúir agus an dream a bhí ag faire ar Íosa, nuair a chonaic siad an crith talaimh agus an méid eile a tharla, bhí siad lán d'ómós, agus dúirt siad, “Gan amhras ba é sin Mac Dé!”

55. Bhí a lán ban ansin, ag amharc air i bhfad siar, a bhí i ndiaidh Íosa a leanúint ó Ghalailí, le bheith ag timireacht air,

56. orthusan bhí Muire Mhaghdalénach, agus Muire máthair Shéamais agus Iósaif, agus máthair chlann Shebidé.

57. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig fear saibhir as Arimatía a raibh Iósaf mar ainm air, a bhí ina dheisceabal ag Íosa.

58. Chuaigh sé go Píoláid gur iarr corp Íosa. D'ordaigh Píoláid ansin a thabhairt dó.

Matha 27