Matha 20:25-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo, “Is feasach daoibh an tiarnas a bhíos ag a lucht ceannais os cionn na nGintlithe, agus an t‑údarás a bhíos á chleachtadh ag a maithe móra orthu.

26. Ach ná bíodh amhlaidh agaibhse; ach an té atá le bheith maith agus mór caithfidh sé bheith ina sheirbhíseach agaibh,

27. agus an té a shantaíos an phríomháit eadraibh caithfidh sé bheith mar dhaor agaibh;

Matha 20