Marcas 7:11-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. ach is é atá á rá agaibhse, ‘más rud é go ndeir fear lena athair nó lena mháthair, is Corbán é (is é sin, rud a tugadh mar bhronntanas do Dhia) an ní atá agam le tabhairt duitse—

12. Ansin ní thugann sibh cead dó maith a dhéanamh ar a athair ná ar a mháthair,

13. agus ar an dóigh sin cuireann sibh briathar Dé ar ceal leis an nós sin a fhágas sibh do bhur gclann in bhur ndiaidh. Agus is iomaí sin ní den sórt atá á chleachtadh agaibh.”

14. Agus ghlaoigh sé na daoine chuige arís, agus dúirt sé leo, “Éistigí liom, an uile dhuine agaibh, agus tuigigí seo:

15. Níl ní taobh amuigh den duine ar féidir leis a shalú má théann sé isteach ann;

16. is iad na nithe a thagas amach as an duine a shalaíos an duine.”

17. Agus nuair a d'fhág sé an slua agus a chuaigh sé isteach chun tí, d'fhiafraigh a dheisceabail de i dtaobh an fháithscéil.

18. Agus dúirt sé leo, “An é nach bhfuil aon tuiscint agaibh ar nós na coda eile? Nach bhfeiceann sibh nach féidir leis an ní a thagas isteach sa duine ón taobh amuigh de an duine a shalú,

19. mar ní isteach ina chroí ach isteach ina ghoile a théas sé sin, agus imíonn sé leis go dtéann sé as” (Is amhlaidh a léirigh sé go bhfuil gach cineál bia glan ann féin.)

20. Agus dúirt sé “Is é an ní a théas amach as an duine a shalaíos an duine.

21. Óir is as an taobh istigh den duine, is as croí an duine, a thagas na drochsmaointe, an striapachas, an ghadaíocht, an dúnmharú, an t‑adhaltranas,

22. an tsaint, an choirpeacht, an mhealltóireacht, an ainshriantacht, an t‑éad, an t‑ithiomrá, an díomas, an amadántacht.

Marcas 7