Marcas 6:22-42 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.”

23. Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.”

24. Chuaigh sí amach ansin chuig a máthair gur fhiafraigh sí di, “Cad é a iarrfas mé air?” Agus dúirt sise, “Iarr ceann Eoin Bhaiste.”

25. Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.”

26. Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna.

27. Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é,

28. agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin.

29. Nuair a chuala deisceabail Eoin é sin, tháinig siad gur thóg siad a chorp lena chur san uaigh.

30. D'fhill na haspail chuig Íosa, agus d'inis siad dó a ndearna siad de ghníomhartha agus de theagasc.

31. Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh.

32. Agus d'imigh siad leo sa bhád go háit uaigneach leo féin.

33. Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a d'aithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu.

34. Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh.

35. Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá;

36. cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.”

37. Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar d'arán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?”

38. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.”

39. D'ordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas.

40. Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta.

41. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus d'amharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu.

42. Agus d'ith siad uile go léir a ndóthain.

Marcas 6