Marcas 14:16-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Agus d'imigh na deisceabail leo go dtí an chathair, agus rinne siad an t‑eolas mar d'inis sé dóibh; agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

17. Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig sé féin agus an dáréag.

18. Agus nuair a bhí siad ina suí chun boird, arsa Íosa leo, “Is fíor, a deirim libh, go ndéanfaidh duine agaibh, atá ag ithe i mo chuideachta, feall a imirt orm.”

19. Agus tháinig brón orthu, agus b'shiúd iad a rá leis duine i ndiaidh an duine eile, “An mise é?”

20. Ar seisean leo, “Is duine den dáréag é, duine atá ag tomadh a aráin in aon mhias liom.

21. Óir imeoidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a dhéanann feall ar Mhac an duine! B'fhearr don fhear úd nár saolaíodh riamh é.”

22. Agus nuair a bhí siad i gcionn an bhia ghlac sé an t‑arán, agus d'altaigh sé, agus roinn sé é, agus thug sé dóibh é, agus dúirt, “Glacaigí; is é seo mo chorpsa.”

23. Agus ghlac sé cupán, agus d'altaigh sé agus thug dóibh é, agus d'ól siad uile go léir as.

24. Agus ar seisean leo, “Is í seo m'fhuilse, fuil an chúnaint, a dhoirtear ar son an tslua.

25. Deirim go fírinneach libh, nach n‑ólfaidh mé toradh seo na fíniúna go dtí an lá a n‑ólfaidh mé úrnua í i ríocht Dé.”

Marcas 14