18. Agus tháinig Saducéigh chuige, an dream a deir nach bhfuil aon aiséirí ann; agus d'fhiafraigh siad de, agus dúirt siad,
19. “A Oide, is é a scríobh Maois dúinn más rud é go bhfaigheann duine bás agus go bhfágann sé bean ina dhiaidh, agus gan clann eatarthu, go gcaithfidh a dheartháirsean a bheansan a phósadh le clann a thógáil dá dheartháir.
20. Anois bhí ann mórsheisear deartháir; agus phós duine acu bean go bhfuair bás gan clann a fhágáil;
21. agus ghlac an dara deartháir í, go bhfuair bás uaithi gan clann a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;
22. go dtí nár fhág aon duine den mhórsheisear aon chlann. Agus ba é an deireadh a bhí air go bhfuair an bhean bás freisin.
23. Anois san aiséirí cé acu a fhaigheann í mar chéile pósta? Mar bhí sí mar bhean ag an mórsheisear.”
24. Is é a dúirt Íosa leo, “Nach é seo a chuir ar seachrán sibh, bhur n‑aineolas ar an scrioptúr agus bhur neamhfhios ar chumhacht Dé?
25. Mar an dream a éiríos ó na mairbh ní bhíonn cleamhnas ná pósadh acu, agus iad mar na haingil i bhflaitheas.
26. Agus i dtaobh aiséirí na marbh, nach bhfuil léite agaibh i leabhar Mhaois, san alt sin faoin tom, faoin ní a dúirt Dia leis, ‘Is mise Dia Abrachaim, agus Dia Íosóig, agus Dia Iácóib’?
27. Ní Dia na marbh é ach Dia na mbeo; tá sibh ar seachrán ar fad.”
28. Agus tháinig duine de na scríobhaithe aníos gur chuala iad ag díospóireacht le chéile, agus nuair a d'aithin sé feabhas a fhreagra, d'fhiafraigh sé de, “Cé acu an phríomhaithne de na haitheanta?”
29. Is é a d'fhreagair Íosa, “Is í an chéad aithne, ‘Éist, a Iosrael: Is é an Tiarna ár nDia, agus is aon Dia amháin an Tiarna;
30. agus bíodh grá agat do do Thiarna Dia le do chroí ar fad, agus le d'anam ar fad, agus le d'intinn ar fad, agus le do chumas ar fad.’