Marcas 12:12-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Agus d'fhéach siad lena ghabháil, ach b'eagal leo an slua, mar thuig siad gur chucu a d'inis sé an fáithscéal; agus mar sin de d'fhág siad é agus d'imigh siad leo.

13. Agus chuir siad cuid de na Fairiséigh agus cuid de lucht leanúna Iorua lena cheapadh ina chaint.

14. Agus tháinig siad agus dúirt siad leis, “A Oide, is feasach dúinn gur fírinneach tú, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoi chéimíocht dhaonna, agus tugann tú teagasc fíor uait faoi shlí Dé. An ndlitear nó nach ndlitear cíos a íoc le Caesar?

15. An ceart é nó nach ceart dúinn a íoc?” Ach d'aithin sé a gcuid fimínteachta agus dúirt sé leo, “Cad chuige daoibh bheith do m'fhéachaint mar sin? Tabhair bonn airgid chugam, agus lig dom amharc air.”

16. Agus tugadh an bonn chuige agus dúirt sé leo, “Cé leis an chosúlacht seo agus cé a ainmnítear san inscríbhinn seo?” Dúirt siad leis, “Caesar.”

Marcas 12