Marcas 1:19-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta.

20. Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus d'fhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é.

21. Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc.

22. Agus b'iontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe.

23. Agus go díreach bhí ina sionagógsan fear a raibh sprid neamhghlan ann;

24. agus ghlaoigh sí os ard, “Cad chuige a bhfuil tú domsa, a Íosa Nasara? An lenár scriosadh a tháinig tú? Tá a fhios agam cé tú féin, Naomh-neach Dé.”

25. Ach bhagair Íosa uirthi, á rá, “Bí i do thost, agus tar amach as!”

26. Agus réab an sprid neamhghlan é, agus d'éigh sí os ard, agus tháinig sí amach as.

27. Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.”

28. Agus gan mhoill leath a chlú ar fud chríoch Ghalailí mórthimpeall.

Marcas 1