Lúcás 9:9-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. Dúirt Iorua, “Bhain mé an ceann d'Eoin; ach cé hé seo a gcluinim an t‑iomrá seo faoi?” Agus bhí sé i bhfáth le hamharc a fháil air.

10. Ar bhfilleadh dóibh, d'inis na haspail dó a raibh déanta acu. Agus thug sé leis iad go ndeachaigh i leataobh go cathair ar tugadh Bétsáida uirthi.

11. Nuair a chuala na sluaite faoi, lean siad é; agus d'fháiltigh sé rompu agus labhair sé leo faoi ríocht Dé, agus leigheas sé an méid a bhí easlán.

12. Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.”

13. Ach ba é a dúirt sé leo, “Tugaigíse bia dóibh le n‑ithe.” Ar siadsan leis, “Níl againn ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc—sin mura n‑imímid a cheannach bia do na daoine seo uile.”

14. Mar bhí timpeall cúig mhíle fear acu ann. Agus dúirt sé leis na deisceabail, “Tugaigí orthu suí fúthu ina mbuíonta, agus caoga san uile bhuíon.”

15. Agus rinne siad amhlaidh, gur thug ar an iomlán suí.

16. Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus d'amharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.

17. Agus d'ith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste.

18. Agus tharla na deisceabail air agus é ag urnaí ina aonar agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé a deir na daoine is mise?”

19. Agus d'fhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.”

Lúcás 9