Lúcás 22:6-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. D'aontaigh sé leo mar sin, agus bhí sé ag breith ar fhaill lena chur ina lámha nuair nach mbíodh slua daoine i láthair.

7. Ba ansin a tháinig lá an Aráin gan Laibhín, an lá ar chóir uan na cásca a mharú mar íobairt.

8. Mar sin, chuir Íosa Peadar agus Eoin uaidh, agus dúirt sé leo, “Imígí a ullmhú na cásca dúinn go n‑ithimid í.”

9. D'fhreagair siadsan dó, “Cá háit is toil leat sinne a hullmhú?”

10. Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh d'uisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann

11. agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’

12. Agus taispeánfaidh sé daoibh an seomra mór in uachtar an tí agus é feistithe gléasta; ullmhaígí ansin.”

13. Agus d'imigh siad agus tharla mar d'inis sé dóibh, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.

Lúcás 22