Lúcás 20:1-2 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Aon lá amháin dá raibh sé ag teagasc sa teampall agus ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, tháinig na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos chuige agus na seanóirí leo,

2. go ndúirt siad leis, “Inis dúinn cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t‑údarás sin duit.”

Lúcás 20