Lúcás 14:27-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. Cibé duine nach dtógann a chrois féin ar a ghualainn agus nach leanann mo lorg, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

28. Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

29. Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi,

30. agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’

31. Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

Lúcás 14