14. agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.”
15. Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!”
16. Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine;
17. agus nuair a tháinig am na fleá chuir sé a sheirbhíseach amach lena rá le lucht na gcuirí, ‘Bígí ag teacht; mar tá gach uile ní ullamh anois.’
18. Ach ba é rud, thosaigh siad uile ar dhéanamh leithscéalta. Is é a dúirt duine amháin, ‘Tá píosa talaimh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul a amharc air; gabh mo leithscéal le do thoil.’
19. Agus dúirt an dara duine, ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul á bhféachaint; gabh mo leithscéal le do thoil.’
20. Agus dúirt an tríú duine, ‘Tá mé i ndiaidh bean a phósadh, agus sin an fáth nach bhféadaim teacht.’
21. Tháinig an seirbhíseach mar sin gur inis sé an méid sin dá mháistir. Ba ansin a ghlac fear an tí fearg agus a dúirt sé lena sheirbhíseach, ‘Imigh gan mhoill faoi shráideanna agus faoi chúlbhealaí na cathrach, agus tabhair leat isteach na bochtáin agus na cithréimigh agus na daill agus na bacaigh.’