8. Ach ba é a d'fhreagair sé air, ‘Lig dó, a dhuine uasail, an t‑aon bhliain eile seo amháin, go dtí go rómhróidh mé an chré ina thimpeall, agus go gcuirfidh mé aoileach faoi.
9. Agus má thugann sé toradh an bhliain seo chugainn, beidh go maith agus ní bheidh go holc; ach mura dtugann, féadann tú a ghearradh anuas.’”
10. Ansin bhí sé ag teagasc lá na sabóide i sionagóg áirithe.
11. Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart.
12. Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.”
13. Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia.
14. Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.”
15. Ba ansin a d'fhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól?
16. Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?”
17. Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.
18. Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi?
19. Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus d'fhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”
20. Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?
21. Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.”
22. Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.
23. Agus bhí duine ann a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo,
24. “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.
25. A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’
26. Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’