Lúcás 12:8-24 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. “Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé,

9. ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé.

10. Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó.

11. Agus nuair a thugtar sibh os comhair na sionagóg agus na rialtóirí agus na n‑údarás, ná bíodh imní oraibh conas nó cad é a fhreagróidh sibh nó cad é a déarfaidh sibh;

12. mar múinfidh an Naomh-Spiorad daoibh in alt na huaire úd cad é is cóir daoibh a rá.”

13. Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.”

14. Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?”

15. Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”

16. Agus d'inis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí;

17. agus smaoinigh sé ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó nach bhfuil áit agam le mo thorthaí a chur i dtaisce?’

18. Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil d'arbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu.

19. Agus déarfaidh mé le m'anam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain d'aoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’

20. Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar d'anam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’

21. Is amhlaidh don té a bhíos ag cruinniú stóir mar mhaithe leis féin, agus nach mbíonn saibhir le haghaidh Dé.”

22. Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh.

23. Mar is fearr bhur mbeo ná bhur mbia, agus is fearr bhur gcolainn ná bhur n‑éadaí.

24. Smaoinígí ar na fiacha dubha; ní bhíonn siad ag cur ná ag baint, agus níl scioból ná iothlainn acu, ach beathaíonn Dia ina dhiaidh sin iad. Nach luachmhaire go mór sibh ná an éanlaith?

Lúcás 12