20. Ach ná bíodh sé ina ábhar lúcháire agaibh na spridí bheith ag umhlú daoibh; ach bíodh lúcháir oraibh go bhfuil bhur n‑ainmneacha scríofa ar neamh.”
21. San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.
22. Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”
23. Ansin, agus é ag tiontú i dtreo na ndeisceabal, ar seisean leo ar fhód ar leith, “Is beannaithe na súile a fheiceas an ní a fheiceas sibhse!
24. Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.”