Lúcás 10:12-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Tá mise ag insint daoibh go luífidh an lá úd níos éadroime ar Shodóm ná ar an mbaile úd.

13. Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach.

14. Ach is éadroime a luífidh an breithiúnas ar Thior agus ar Shiodón ná oraibhse!

15. Agus tusa, a Chaparnáum, an ardófar go neamh thú, ní hea ach ísleofar go hIfreann thú.

16. “An té a éisteas libhse éisteann sé liom, agus an té a dhiúltaíos daoibh is dom a dhiúltaíonn sé, agus an té a dhiúltaíos domsa diúltaíonn sé don té a chuir uaidh mé.”

17. D'fhill an seachtó duine faoi áthas agus iad á rá, “A Thiarna, bíonn go fiú na ndeamhan umhal dúinn i d'ainmse!”

18. Agus ar seisean leo, “Chonaic mé Sátan ag titim ó neamh mar a bheadh caor thintrí ann.

19. Féach, tá údarás tugtha agam daoibh le gabháil de chosa ar na nathracha nimhe agus ar na scairpeanna agus ar chumhachtaí uile an namhad; agus ní dhéanfaidh aon ní dochar daoibh.

20. Ach ná bíodh sé ina ábhar lúcháire agaibh na spridí bheith ag umhlú daoibh; ach bíodh lúcháir oraibh go bhfuil bhur n‑ainmneacha scríofa ar neamh.”

21. San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.

Lúcás 10