Gníomhartha 8:15-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

15. agus tháinig siadsan anuas agus rinne siad urnaí os a gcionn go nglacfadh siad an Spiorad Naomh;

16. mar níor thuirling sé ar aon duine acu go dtí sin, ó nach ndearnadh ach amháin a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa.

17. Leag siad a lámha orthu ansin agus ghlac siad an Spiorad Naomh.

18. Ba é sin an t‑am a thairg Síomón airgead dóibh, nuair a chonaic sé an Spiorad á thíolacadh trí leagan lámha na n‑aspal,

19. agus dúirt sé, “Tugaigí an chumhacht chéanna sin domsa freisin, ionas go nglacfaidh gach duine a leagaim lámha air an Spiorad Naomh.”

20. Ach arsa Peadar leis, “Drochrath ar do chuid airgid agus ort féin leis, as síleadh go bhféadfá tiolacadh Dé a cheannach le hairgead!

21. Nil cuid ná comhroinn agat sa ghnó seo, mar níl do chroí mar is ceart i súile Dé.

22. Déan aithreachas mar sin sa dhrochbheart sin agat, agus bí ag guí an Tiarna mar dhúil is go mb'fhéidir mírún do chroí a mhaitheamh duit.

23. Mar feicimse go bhfuil tú i ndomlas an tsearbhais agus i gcuing na héagóra.”

24. Agus ba é a d'fhreagair Síomón, “Bí ag guí Dé ar mo shon gan aon ní dár luaigh tú a theacht orm.’”

25. Ansin nuair a bhí a bhfianaise tugtha acu agus briathar Dé ráite acu, d'fhill siad ar Iarúsailéim, agus d'fhógair siad an soiscéal i mórán de bhailte beaga na Samaratánach.

26. Ach dúirt aingeal de chuid an Tiarna le Pilib, “Éirigh agus imigh ó dheas, ag tarraingt ar an mbóthar as Iarúsailéim go Gása. Is bóthar fásaigh é sin.

27. Agus d'éirigh sé agus shiúil sé leis. Agus b'shiúd an tÉtiópach, coillteán, a bhí ina aire stáit ag Candacé, banríon na nÉtiópach, a mbíodh cúram a seodchistese uile air, a bhí i ndiaidh dul suas chun Iarúsaléim a adhradh Dé

28. agus a bhí anois ag filleadh abhaile; agus b'shiúd é ina shuí ina charbad, ag léamh leabhar an fháidh Ísáia.

29. Agus arsa an Spiorad le Pilib, “Éirigh amach in airicis an charbaid seo.”

30. Rith Pilib mar sin go dtí é, gur chuala é ag léamh Ísáia fáidh, agus gur fhiafraigh de, “An dtuigeann tú a bhfuil á léamh agat?”

Gníomhartha 8