Gníomhartha 7:58-60 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

58. Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air.

59. Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.”

60. Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air.

Gníomhartha 7