28. agus dúirt sé, “D'ordaíomar go dian daoibh gan bheith ag teagasc san ainm sin, agus anois tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh agus rún agaibh éiric a bhaint asainn as fuil an fhir sin.”
29. Ach ba é freagra Pheadair agus na n‑aspal, “Caithfimid umhlú do Dhia agus ní do dhaoine.
30. Thóg Dia ár sinsear Íosa, an té ar mharaigh sibh é agus ar chroch sibh ar chrann é.
31. D'ardaigh Dia chun a láimhe deise é, le bheith ina Ardcheannasaí agus ina Shlánaitheoir, leis an aithrí a thabhairt d'Iosrael agus maithiúnas na bpeacaí.
32. Agus táimidne inár bhfinnéithe air sin, agus is finné air freisin an Spiorad Naomh a thug Dia don dream a umhlaíos dó.”
33. Nuair a chuala siad sin chuaigh siad ar buile agus bhí fonn orthu a gcur chun báis.
34. Ach bhí Fairiséach ar an gcomhairle a raibh Gamáliel mar ainm air, a bhí ina mháistir dlí, a raibh meas ag gach aon duine air, agus d'éirigh seisean ina sheasamh gur thug ordú na fir a chur amach go ceann tamaill.
35. Agus ar seisean leo, “A fheara Iosrael, bígí ar bhur n‑aire cad é a dhéanfas sibh leis na fir seo.