Gníomhartha 28:4-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Nuair a chonaic na hoileánaigh an phéist ar crochadh ar a láimhsean, dúirt siad lena chéile, “Dúnmharfóir atá sa duine seo gan amhras ar bith, nár lig bandia an chirt dó maireachtáil, siúd is gur tháinig sé as an bhfarraige lena bheo.”

5. Ach chroith sé an phéist uaidh isteach sa tine gan dochar ar bith a theacht air.

6. Bhí siadsan ag fanacht, agus súil acu go mbeadh sé ag at, nó go dtitfeadh sé maol marbh; ach nuair a d'fhan siad ar feadh i bhfad gan aon chaill a fheiceáil air, d'athraigh siad a n‑intinn, agus dúirt siad go mba dhia é.

7. Anois bhí tailte ag Publius, an fear ab airde céim ar an oileán, sa chomharsanacht sin, agus chuir seisean fáilte fhíorchaoin romhainn agus thug sé dídean dúinn go fial flaithiúil seal trí lá.

8. Tharla d'athair Phublius bheith ina luí tinn, agus fiabhras agus dinnireacht air; agus thug Pól cuairt air agus rinne sé guí, agus leag sé a lámha air gur leigheas sé é.

9. Nuair a tharla sin, tháinig an chuid eile de mhuintir an oileáin a raibh breoiteachtaí orthu agus leigheasadh iad.

10. Thug siad mórán bronntanas dúinn (mar d'onóraigh siad le mórán onóracha sinn) agus nuair a chuamar ar fharraige, chuir siad gach rud a mbeadh riachtanas againn leis ar bhord na loinge.

11. Ráithe ina dhiaidh sin sheolamar linn i long a chuir an geimhreadh thairsti san oileán, soitheach de chuid Alecsandria a raibh an Cúpla páirteach mar dhealbh thosaigh aige.

12. Thángamar i gcaladh i Siracús, gur fhan trí lá ansin.

13. Chuamar thart faoin gcósta gur shroicheamar Regium, agus tar éis aon lae amháin d'éirigh gaoth aneas, agus an dara lá thángamar go Putíolí.

14. Fuaireamar bráithre ansin, a thug cuireadh dúinn fanacht seacht lá acu. As sin thángamar chun na Róimhe.

15. Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as.

16. Agus nuair a thángamar isteach sa Róimh, ceadaíodh do Phól fanacht ina aonar, leis an saighdiúir a bhí á choimeád.

17. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach.

18. Nuair a bhí scrúdú déanta acusan orm, bhí fonn orthu mé a scaoileadh saor ó nach raibh aon bhreith bháis á cur i gcás domsa.

19. Ach nuair a chuir na Giúdaigh ina éadan sin, b'éigean dom achomharc a chur chuig Caesar—cé nach raibh aon chúis agam le lua in éadan mo chine féin.

Gníomhartha 28