Gníomhartha 27:4-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Chuamar amach as sin chun na farraige agus rinneamar ar thaobh an fhoscaidh den Chipir, ó bhí an ghaoth inár n‑éadan.

5. Agus chuamar thar an réimse farraige amach ó Chilicia agus ó Phamfilia gur shroicheamar Maira i Licia.

6. Fuair an ceantúir long as Alecsandria ansin a bhí ar aistear na hIodáile, gur chuir uirthi sinn.

7. Chuamar go malltriallach ansin ar feadh tamaill de laethanta, agus chuir sé crua orainn béal Chnídas a bhaint amach, agus ó nár fhéadamar treabhadh ar aghaidh in éadan na gaoithe a bhí ann, chuamar ar thaobh an fhoscaidh den Chréit amach ó Shalmóne.

8. Sheolamar leis an gcósta siúd is go mba dheacair sin, gur shroicheamar áit a dtugtar na Caomhchuanta uirthi, a raibh cathair Lasaía cóngarach di.

9. Bhi mórán ama curtha amú againn, agus bhí sé ag éirí contúirteach an fharraige a thaobhú ó bhí laethanta an trosctha thart cheana féin, agus mar sin thug Pól iarraidh ar chomhairle a chur orthu,

10. agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.”

Gníomhartha 27