Gníomhartha 22:7-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

7. Agus thit mé go talamh, agus chuala mé an glór ag rá liom, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéarleanúint?’

8. Agus d'fhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’.

9. Anois an dream a bhí i mo chuideachta chonaic siad an solas, ach níor chuala siad glór an té sin a bhí ag labhairt liom.

Gníomhartha 22