Gníomhartha 17:12-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Bhi mórán acusan a tháinig chun creidimh, iadsan agus cuid mhaith de na mná agus de na fir chéimiúla i measc na nGréagach.

13. Ach nuair a fuair Giúdaigh Thesaloníca fios an scéil go raibh Pól ag foilsiú bhriathar Dé i mBeraía, tháinig siad ansin freisin, agus iad ag tógáil raice agus ag séideadh faoin daoscarshlua.

14. Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach d'fhan Sailas agus Timótéus ansin.

Gníomhartha 17