Gníomhartha 14:24-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Chuaigh siad ar aghaidh ansin trí Phisidia, gur shroich siad Pamfilia.

25. Agus nuair a bhí an briathar labhartha acu i bPerga, tháinig siad anuas as sin go hAttalía;

26. agus sheol siad as sin go hAntíoc, an áit inar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois críochnaithe acu.

27. Ni luaithe a tháinig siad ansin ná chruinnigh siad an eaglais le chéile agus d'fhoilsigh a ndearna Dia maraon leo féin, agus conas mar a d'oscail sé doras an chreidimh roimh na Gintlithe.

28. Agus d'fhan siad tamall nár ghairid i gcuideachta na ndeisceabal.

Gníomhartha 14