Gníomhartha 11:14-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. is é a fhoilseos daoibh an teachtaireacht a shlánós sibh, idir thú féin agus lucht do theaghlaigh.’

15. Nuair a thosaigh mé ar labhairt, thit an Spiorad Naomh orthu, ar an nós céanna agus a thit sé orainn i dtús ama.

16. Agus chuimhnigh mé ar bhriathar an Tiarna, agus ar conas mar a dúirt sé, ‘Bhí Eoin ag baisteadh le huisce, ach baistfear sibhse leis an Spiorad Naomh.’

17. Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?”

18. Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.”

19. Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin.

Gníomhartha 11