Gníomhartha 10:30-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Agus dúirt Cornélius, “Ceithre lá ó shin, i dtrátha an ama seo de lá, bhí mé ag coinneáil an naoú huair, uair na hurnaí, i mo theachsa; agus b'shiúd an fear in éadaí solasta ina sheasamh romham,

31. á rá, ‘A Chornélius, éisteadh le d'urnaí agus cuimhníodh ar do dhéirc i láthair Dé.

32. Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’

33. Chuir mé fios ort mar sin gan mhoill, agus is maith an mhaise duit é teacht chugam. Táimid uile go léir i láthair anseo agus Dia ag amharc orainn, le héisteacht lenar ordaigh an Tiarna duit.”

34. Agus d'oscail Peadar a bhéal agus dúirt sé, “Scéal fíor é go bhfuil sé tuigthe agam nach mbíonn claonadh i gceart Dé,

35. ach go nglacann sé leis an duine a mbíonn urraim aige dó agus a bhíos ag déanamh mar is cóir is cuma cé an cine ar de é.

36. Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é),

Gníomhartha 10