25. Ar siadsan leis, “Cé tú féin?” Arsa Íosa leo, “An rud ceannann céanna a d'inis mé daoibh ó thús ama.
26. Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.”
27. Níor thuig siad gurb é an tAthair a bhí á lua aige leo.
28. Dúirt Íosa dá bhrí sin, “Nuair a bheas Mac an duine ardaithe agaibh, beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach mbím ag déanamh aon ní uaim féin ach go mbím ag labhairt mar a mhúin an tAthair dom,
29. agus an té a chuir uaidh mé tá sé i mo chuideachta, níor fhág sé i m'aonar mé, mar déanaim i gcónaí an ní is taitneamhach leis.”
30. Nuair a dúirt sé an chaint sin, chreid mórán daoine ann.
31. Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne,
32. agus beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh.”