22. Thug Maois an timpeallghearradh daoibh (ní hé sin le rá gur ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha), agus is gnách libh fear a thimpeallghearradh ar an tsabóid.
23. Más ceadmhach d'fhear glacadh leis an timpeallghearradh ar an tsabóid, ionas nach sáraítear dlí Mhaois, an cóir daoibh fearg a bheith oraibh liom as corp fir a thabhairt chun sláinte go hiomlán lá na sabóide?
24. Ná tugaigí breithiúnas de réir na gcosúlachtaí, ach tugaigí breithiúnas de réir cirt.”
25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim mar sin, “Nach é sin an fear a mbíonn siad ag iarraidh a mharú?
26. Agus seo anseo é, agus é ag labhairt os ard, agus gan focal acu le rá leis! An féidir fios na fírinne a bheith ag ár lucht ceannais gurb é seo an Críost?