Eoin 5:37-39 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

37. Agus tá fianaise tugtha ag an Athair a chuir uaidh mé, é féin. Níor chuala sibh a ghlór riamh, ná ní fhaca sibh a chruth;

38. agus ní bhíonn a bhriathar agaibh ag fanacht ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir sé uaidh.

39. Bíonn sibh ag ransú na scrioptúr, mar síleann sibh gur iontu atá an bheatha shíoraí agaibh; agus is iad a thugas fianaise orm;

Eoin 5