Eoin 3:5-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. 'D'fhreagair Íosa, “Is fíor agus is fírinneach a deirim leat, mura n‑athbheirtear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé.”

6. Feoil a bheirtear d'fheoil agus spiorad a bheirtear den Spiorad.

7. Ná bíodh sé ina ábhar iontais agat go ndúirt mé leat go gcaithfidh sibh bheith do bhur n‑athbhreith.

8. Séideann an ghaoth mar a dtograíonn sí, agus cluineann tú a glór, ach níl fhios agat cá has a dtagann sí nó cá n‑imíonn sí; is amhlaidh a bhíos leis an uile dhuine dá n‑athbheirtear ón Spiorad.”

9. Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?”

10. Arsa Íosa leis, “A rá is de go bhfuil tusa i d'oide in Iosrael, agus gan tuiscint a bheith agat ar na nithe seo?

11. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn.

12. Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh?

13. Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine.

14. Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,

15. i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.

16. Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.

17. Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd.

Eoin 3