Eoin 3:32-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Tugann sé fianaise ar a bhfuil feicthe agus cluinte aige, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise;

33. an té a ghlacas lena fhianaise, cuireann sé a shéala leis seo, go bhfuil an fhírinne ag Dia.

34. Mar an té a chuir Dia uaidh, luann sé na briathra a labhair Dia, mar níl teorainn leis nuair a thugann sé an Spiorad;

35. tá grá ag an Athair don Mhac, agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige.

Eoin 3