Eoin 12:19-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. B'shiúd iad na Fairiséigh ag rá lena chéile, “Nach bhfeic-eann sibh gur saothar in aisce é; féachaigí, tá an saol uile imithe ina dhiaidh.”

20. Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile.

21. Tháinig siadsan mar sin chuig Pilib, a bhí as Bétsáida atá i nGalailí, agus dúirt siad leis, “A Shaoi, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil.”

22. Chuaigh Pilib gur inis sé d'Aindrias é; chuaigh Aindrias le Pilib ansin gur inis siad beirt d'Íosa faoi.

23. Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tháinig an uair a mbeidh Mac an duine á ghlóiriú.

24. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura dtiteann síol na cruithneachta sa talamh agus bás a fháil, ní bhíonn ann ach é amháin ina aonar; ach má fhaigheann sé bás, tagann mórán toraidh air.

25. An té sin a mbíonn grá aige ar a anam féin, cailleann sé é, agus an té sin ar fuath leis a anam ar an saol seo coinneoidh sé é le haghaidh na beatha síoraí.

Eoin 12