Eoin 10:1-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin;

2. ach an té a théas isteach ar an doras is é aoire ceart na gcaorach é.

3. Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad.

4. Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn.

5. Ni leanfaidh siad coimhthíoch, ach ag teitheadh uaidh, ó nach n‑aithnionn siad glór coimhthíoch.”

6. Bhí an tsamhlaoid seo ag Íosa leo, ach níor thuig siad cad é a bhí sé a rá leo.

7. Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach.

8. Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu.

9. Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt.

10. Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing.

11. Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.

12. An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.

13. Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh.

14. Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm,

15. mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim m'anam ar son na gcaorach.

16. Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin.

17. Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim m'anam, lena ghlacadh chugam.

Eoin 10