6. Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir tré Iósa Críosd ar Slanuightheoir.
7. Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.
8. As fírinneach an rádh so, agus is áill leam thú dheimhniughadh na neitheansa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhíthchiollach a ndéaghoibrighibh do dhéunamh. As íad so na neithe théid a sóchar agus a dtarbha do dháoinibh.
9. Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.