1. Achd labhairse na neithe thig ré teagusg fallin:
2. Eadhon dáoine áosda do bheith aireach, trómgha, measárgha, diongmhálta a gcréideamh, a ngrádh, agus a bhfoighid.
3. Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomchubhaidh do náomhthachd, gan bheith na luchd eílighe go héugcoir, gan íad féin do thabhairt go hiomarcach dfíon, na luchd teaguisg neitheann maith;
4. As go dtiubhradáois fo deara do na mnáibh óga bheith súaimhneach ann a ninntinn, grádhach air a bhfearuibh, agus air a gcloinn,
5. Measárrgha, geanmnuidh, comhnuigheach na dtighthibh, maith, úmhal da bhfearuibh féin, deagla bhréithre Dé do mhaslughadh.
6. Teaguisg na hóganuidh mar an gcéudna fá bheith suáimhneach na ninntinn.
7. Taisbein thú fein sna huile neithibh ad eisiompláir dheaghoibrightheadh: maille ré teagusg neamhthruáillighe, trómgha, fiórghlanadh,
8. Briathar fhalláin nách feidir a lochdughadh; ionnus go mbíadh adhnáire ar an to chuireas bhur naghuidh, ar mbeith dhó gan droch ní ar bith aige ré a radh bhur dtáobhso.
9. Teaguisg na searbhfhoghantuighidh fá bheith úmhal dá maighisdrighibh, fa na dtoil do dhéunamh sna huile neithibh; gan cur a naghuidh a mbriathar;
10. Gan éinní dha gcuid do théultógh úatha, achd a nuile choinghioll maith do tháisbéunadh dhóibh; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaightheóra taitneamhach ar gach éunchor.
11. Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh,