13. Agus do fhreagair neach do na seanóiribh, ag rádh riom, Créd íad an luchdsa umá bhfuilid na róbuidhe fada gléigheala? agus cá hionad as a dtangadar?
14. Agus a dubhairt mise ris, A thíghearna, atá a fhios agadsa. Agus a dubhairt seision riomsa, Ag so an dream tháinic as buáirdhirt mhóir, agus do nigh a róbuidhe, agus do ghealuidh íad a bhfuil a Nuáin.
15. Uime sin atáid síad a bhfíadhnuise árdchathaoire Dé, agus do níd seirbhís dósan do ló agus doidhche ann a theampoll: agus an tí atá na shuighe sa gcathaóir áiteochuidh sé na measg.
16. Ní bhiáidh ocarus orra nisa mhó, ná tart feasda orrtha; agus ní luíghfidh an ghrían orrtha, ná teas ar bith.