Taisbeanadh 21:23-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus ní ríachdanach air an ccathruighse grían, ná gealach dó shoillsiughadh innte: óir do shoillsigh glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.

24. Agus siubhalfuidh na cineadhacha díobh ata slan ann a solais sin: agus béuruid ríghthe na talmhan a nglóir agus a nonóir chuice.

25. Agus ní dúnfuighthear a geatuídhe do ló: óir ní bhiáidh oidhche ann sin.

26. Agus béurthár glóir agus onóir na gcineadhach da hionnsuighe.

27. Agus ni racha a steach innte ní ar bith neamhghlan, ná do ní gráineamhlachd, ná bréug: achd amháin an dream atá sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin.

Taisbeanadh 21