Taisbeanadh 19:3-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus a dubhradar an dara huáir, Alleluía. Agus do éiridh a deatach súas go sáoghal na sáoghal.

4. Agus do léigeadar an cearthar ar fhichíd seanóir, agus na ceithre beathuigh íad féin síos agus tugadar onóir do Dhía do bhí na shuídhe sa gcathaóir, ag radh, Amén; Alleluía.

5. Agus táinic gúth amách ón gcathaóir, ag rádh, Moluidh ar Ndía, a uile shearbhfhoghantuigheadha, agus a luchd air a bhfuil a fhaitcheas, eidir bheag agus mhór.

6. Agus do chúala mé amhuil gúth budhne móire, agus amhuil fuáím uisgeadh iomdha, agus amhuil fúaim tóirrnidh aintréin, ag rádh, Alleluía: óir a sé an Tíghearna Día uilechúmhachdach as Rí ann.

7. Bíodh gáirdeachas agus lúathgháir oruinne, agus tugam glóir dhósan: óir táinic pósadh a Nuáin, agus do ullmhaigh a bhean í féin.

8. Agus tugadh dhi í féin do éudughadh do línéudach toghtha, glan deallruigheach: óir a sé is línéudach toghtha ann fíréuntachd na náomh.

9. A dubhairt sé riom an tan sin, Scríobh, Is beannúighe an dream fuáir cuireadh shuipéir bhainnse a Nuáin. Agus a dubhairt riom, A síad so briathra fírinneach Dé.

Taisbeanadh 19