1. Agus a ndiáigh na neítheannsa dó chúala mé gúth árd buidhne móire ar neamh, ag rádh Alleluía; Slánughadh, agus glóir, agus onóir, agus cúmhachda, don Tíghearna ar Ndíane:
2. Oír is fírinneach cómhthrom a bhreathasan: óir do dhamnuigh sé an meirrdreach mhór, do thruáill an talamh ré na sdríopachas, agus do dhíoghail se fuil a shearbhfhoghantuigheadh do dóirteadh ar á láimh.
3. Agus a dubhradar an dara huáir, Alleluía. Agus do éiridh a deatach súas go sáoghal na sáoghal.
4. Agus do léigeadar an cearthar ar fhichíd seanóir, agus na ceithre beathuigh íad féin síos agus tugadar onóir do Dhía do bhí na shuídhe sa gcathaóir, ag radh, Amén; Alleluía.