8. Agus do dhóirt an ceathramhadh aingeal a shoitheach ar an ngréin; agus tugadh cúmhachda dhó daóine do phíanadh ré hainteas teineadh.
9. Agus do bhádar daóine ar fiuchadh ré hainteas mór, agus do mhasluigheadar ainm Dé, agá bhfuil cúmhachda ós na plághuibhsi: agus ni dhearnadar aithrighe chum glóire do thabhairt dósan.
10. Agus do dhóirt an cúigeadh aingeal a shoitheach ar chathaóir a nainmhidhe; agus do rinneadh a rioghachd lán dá dhorchaduis; agus do chognadar a dteangtha ré hiomad doilgheasa,
11. Agus do mhasluigheadar Día neimhe tré iomad a ndoilgheasa agus a neasgoideadh, agus ní dhearnadar aithrighe ar son a noibreacha.
12. Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes; agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.
13. Agus do chonnairc mé trí spiorada néamhghlana bá cosmhuil ré cnadáin ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.