13. Agus do chonnairc mé trí spiorada néamhghlana bá cosmhuil ré cnadáin ag teachd amach as béul an dragúin, agus as béul a nainmhidhe, agus as béul an fháidh fhallsa.
14. Oir is spiorada deamhan íad, bhíos ag déunamh cómharthadh, agus théid amach go ríoghuibh na talmhan agus an domhuin uile, chum a gcómhchruinnighe a gceann chatha láe mhóir Dhé Uilechúmhachduigh.
15. (Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd mar ghaduighe.) Is beannuighe an tí do ní faire, agus choimhéudus a éuduighe, deagla go siúbhaladh sé lomnochduighe, agus go bhfaicfedís a náire.)
16. Agus do chruinnidh Día íad go háit dá ngoirthear a Neabhráis Armageddon.