3. Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh, As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh; is comhthrom fírinneach do shlighese, a Rí na ccineádhach.
4. Cía air nach biáidh eagla rómhad, a Thíghearna, agus nach dtiubhradh glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naomhtha: óir tiucfuid na huile chineadhacha agus sléuchdfuid ad fíadhnuise; óir atáid do bhreitheamhnuis ar na bhfoillsiughadh.
5. Agus damhairc mé ná dhiáigh sin, agus, féuch, do hosgladh teampoll thabernacuil na fíadhnuise ar neamh:
6. Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrúghadh ré creasanuibh órrgha a dtimchioll a nochda.