Taisbeanadh 14:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus do lean an treas aingeal íad, ag rádh do ghúth árd, Má bheir éinneach onóir don nainmhidhe agus dá íomháigh, agus go ngéubha chuige a chomhartha a gclár á éudain, nó ann a láimh,

10. I bhfidh an tise fós dfíon fheirge Dé, do nfíon ghlan líontar a gcupán a fheirge; agus do gheabhuidh a phíanadh a dteine agus a ruibh a bhfiadhnuise na naingeal náomhtha, agus a bhfíadhnuise a Nuáin:

11. Agus biáidh deatach a bpeannuidhe ag éirighe súas go sáoghal na sáoghal: agus ní bhiáidh suáimhneas do ló agus doidhche, ag an drong do bheir onóir don nainmhídhe agus dá iomháigh, ná ag an tí ghabhus chuige comhartha a anmasan.

12. Is ann so atá foighid na náomh: is ann so dhearbhthar an dream choimhéudas aitheanta Dé, agus creideamh Iósa.

13. Agus do chúala mé gúth ó neamh ag rádh riom, Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtíghearna feasda: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda dhá sáothar; agus leanuid a noibreacha íad.

14. Agus damhairc mé, agus féuch néull geal, agus neach na shuidhe air a néull cosmhuil ré Mac an duine, agá raibh coróin órrgha ar a cheann, agus corrán géur ann a láimh.

15. Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighme do ghúth árd ar an tí do bhí na shuidhe air a néull, Saith a steach do chorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóghmhar na talmhan apuidhe.

Taisbeanadh 14