Taisbeanadh 14:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighme do ghúth árd ar an tí do bhí na shuidhe air a néull, Saith a steach do chorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóghmhar na talmhan apuidhe.

16. Agus do sháith an tí do bhí na shúidhe air a néull a chorrán a steach fán dtalamh; agus do beanadh an talamh.

17. Agus táinic aingeal eile amach as an teampull noch atá ar neamh, ag a raibh iomorro corrán géur.

18. Agus táinic aingeal eile amach ón altóir, agá raibh cúmhachda ós cionn na teineadh; agus do éigh sé do ghúth árd air an ti agá raibh an corrán géur, ag rádh, Saith a steach do chorrán géur, agus cnúasuigh tarpáin fhíneamhna na talmhan; óir atáid a cáora apuidhe.

19. Agus do sháith an taingeal a chorrán a steach fán dtalamh, agus do chnúasuigh sé fíneamhuin na talmhan, agus do theilg é a númair mór fheirge Dé.

20. Agus do brúghadh an túmar re cosuibh don táobh amuigh don chathruigh: agus táinic fuil amach as a númar go sríanuibh na neach, feadh mhíle ar shé chéud sdáid.

Taisbeanadh 14