Taisbeanadh 10:1-4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chonnairc mé aingeal neartmhar eile ag teachd a núas ón neamh, ar na éudughadh do néul: agus an bógha uisge ar a cheánn, agus a aghuidh mar an ngréin, agus a chosa cosmhuil ré colamnuibh teineadh:

2. Agus do bhi leabhrán osguilte aige ann a láimh: agus do chuir sé a chos deas ar muir, agus a chos chlí ar tír,

3. Agus do éigh sé do ghúth árd, amhuil bhéiceas leomhan: agus an tan do éigh se, do labhradar seachd dtóirrnighe a ngothanna.

4. Agus an tan do labhradar na seachd dtóirrnighe a ngothanna, do bhí mé air tí sgriobhadh: achd do chualuidh mé gúth ó neamh ag rádh riom, Cuir séula air na neithibh do labhradar na seachd dtóirrnighe, agus ná sgríobh íad.

Taisbeanadh 10