11. Oír suil-rugadh na leinibh, agus suil do rinneadar maith ná olc, ar chor go mbíadh órdughadh Dé do réir na togha seasmhach, ní ó oibreachuibh, achd ón té ghoireas;
12. A dubhradh ría, Go ndéanadh an té is seine seirbhís don té ís óige.
13. Mar atá sgríobhtha, Do ghrádhuigh mé Iácob, agus do fhúathuigh mé Esau.
14. Uime sin créd a déaram? An bhfuil éagcóir ag Día? Bíodh a bhfad uáinn sin do rádh.
15. Oír a deir sé ré Máoise, Do dhéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do dhéuna mé truaidhe don té dhá ndéunuidh mé truáídhe.