31. Uime sin créd a déaram fa na neithibhsi? Ma atá Día linn, cia fhéadus bheith ar naghuidh?
32. An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
33. Cía chuirfeas coirthe a naghuidh dháoine toghtha Dé? A sé Día sháoras.
34. Cía dhaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséirighe, noch atá ar deis Dé, agus fós ghuidheas air ar soinne.
35. Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh?
36. (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.)
37. Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn.