Romhánach 7:9-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus do bhí misi ar uáiribh beó a bhféugmhais an reachda: achd ar dteachd do náithne, do aithbhéodhaidh an peacadh, agus fuáir misi bás.

10. Agus a náithna úd, do hórduigheadh chum beatha, fríth dhamhsa í chum báis.

11. Oír ar ngabháil chionfátha don pheacadh, trés a naithne, do mheall sé mé, agus lé sin do mharbh sé mé.

12. Ar a nadhbharsin atá an reachd gan amharus náomhtha, agus a náithne náomhtha, agus comhthrom, agus maith.

13. Uime sin an bhfuil a ní maith ar na dhéunamh na bhás dhámhsa? nar léigidh Día sin. Achd an peacadh, ionnus go mhíadh sé follus na pheacadh, doibrigh sé bás ionnum trés a ní maith; do chum go mbíadh an peacadh na pheacadh áidhbhéileach trés a náithne.

14. Oir atá a fhios aguinn go bhfuil an reachd sbioradálta: achd atáimse collaighe, ar mo reic faói pheacadh.

Romhánach 7